Stopaimis Blair !
Achainí in aghaidh ainmniú Tony Blair mar "Uachtarán ar an Aontas Eorpach"
Teastaíonn uainne, saoránaigh Eorpacha de gach cineál agus de gach creideamh polaitíochta, a rá go bhfuilimid glan in aghaidh ainmniú Tony Blair mar Uachtarán ar an gComhairle Eorpach.
Forálann Conradh Liospóin go gcruthófar post nua, Uachtarán ar an gComhairle Eorpach, a thoghfaidh an Chomhairle ar feadh téarma dhá bhliain go leith, téarma nach féidir a athnuachan ach uair amháin. De réir an Chonartha: "Is é Uachtarán na Comhairle Eorpaí a bheidh ina Chathaoirleach ar an gComhairle agus a chuirfidh a cuid oibre chun cinn " agus go "gcinnteoidh sé an t-ullmhúchán agus an leanúnachas in obair na Comhairle Eorpaí ". Ina theannta sin, "Is é Uachtarán na Comhairle Eorpaí, ar a leibhéal féin agus ina cháil féin, an t-ionadaí seachtrach ar cheisteanna a bhaineann le comhpholasaí eachtrach agus slándála an Aontais"¹.
Beidh feidhm mhór thábhachtach mar sin ag Uachtarán na Comhairle Eorpaí maidir le cinneadh ar chomhairle faoi pholasaithe an Aontais Eorpaigh agus faoina chaidreamh le tíortha eile an domhain. Beidh tábhacht mhór mar shamhail freisin leis an gcéad Uachtaránacht seo ar an gComhairle, do shaoránaigh an Aontais Eorpaigh féin agus d’íomhá an Aontais ar fud an domhain. Ina fhianaise seo, creidimid gur bunriachtanas é gur duine ar samhail é de d’aigne agus de luachanna an tionscadail Eorpaigh a bheidh sa chéad uachtarán seo.
Le tamall anois, tá tuairiscí nuachta ann, a bhíonn ag géarú i gcónaí, a thugann le tuiscint go bhfuil daoine áirithe ag iarraidh go gceapfaí Tony Blair ina chéad Uachtarán ar an gComhairle Eorpach. Dá dtarlódh a leithéid, ba séanadh glan é ar bhunluachanna an tionscadail Eorpaigh.
Ag sárú an dlí idirnáisiúnta dó, thug Blair ar a thír féin dul chun cogaidh san Iaráic, cogadh a raibh tromlach mór de mhuintir na hEorpa ina aghaidh. De dheasca an chogaidh seo maraíodh na céadta míle agus díbríodh na milliúin. Is é is cúis, cuid mhór, leis an ainriail atá anois ann sa Mheánoirthear agus is lúide slándáil an domhain é. D’fhonn a thír a thabhairt isteach sa chogadh, bhain Mr Blair úsáid go leanúnach as fianaise bhréagach agus faisnéis mhíthreorach. Dá gceapfaí ina uachtarán é ba mhór an smál ar íomhá an Aontais ar fud an domhain gach a ndearna sé i gcogadh na hIaráice.
De dheasca na mbeart a rinne rialtas Tony Blair agus de dheasca a chomhpháirteachais le riarachán Bush sa chlár neamhdhleathach ar a dtugtar “seachadadh urghnách”, tá srian as cuimse ar na saoirsí sibhialta. Ritheann sé seo in aghaidh théarmaí Choinbhinsiún na hEorpa um Chearta an Duine, ar cuid dhílis den chonradh é.
Leagann Cairt an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha bunluachanna an tionscadail Eorpaigh síos agus is ceann de na galláin í atá faoin gconradh nua. Chuir Tony Blair go mór in aghaidh í a chur san áireamh i gConradh Liospóin agus d’éirigh leis sa deireadh díolúine a bhaint amach don Ríocht Aontaithe.
Seachas comhtháthú na hEorpa a chur chun cinn, leag Iar-Phríomhaire na Breataine sraith “línte dearga” síos i rith na hidirbheartaíochta i Liospóin², arbh aidhm dóibh gach aon dul chun cinn maidir le ceisteanna sóisialta nó comhchuibhiú cánach, nó comhpholasaí cosanta nó eachtrach, a chosc.
Ina theannta sin, bheadh sé doshamhlaithe duine a cheapadh ina chéad Uachtarán ar an gComhairle Eorpach arb iarcheannaire freisin é ar rialtas a choinnigh a thír amach as dhá eilimint mhóra de thógáil na hEorpa: saorghluaiseacht na ndaoine i limistéar Schengen, agus limistéar an Euro.
Ag an am i láthair, nuair is ceann de thosaíochtaí na n-institiúidí é ceangal a dhéanamh arís leis na saoránaigh, dar linne tá sé ríthábhachtach gur duine é Uachtarán na Comhairle lena nglacfadh formhór na ndaoine mar ionadaí orthu féin, seachas duine a ndiúltódh an tromlach dó³. Mar sin, dearbhaímid go bhfuilimid glan in aghaidh an cheapacháin seo.
- Conradh Liospóin, Airteagal 1, pointe 16, ag cur Airteagail 9 B isteach sa Chonradh ar an Aontas Eorpach, pointí 5 agus 6 (2007/C 306/17, 18) ↑
- Blair sets out EU treaty demands, BBC, Meitheamh 2007 ↑
- Tábla 6 san FT/Harris poll, Meitheamh 2007 ↑